m�sica
Buscador

Letra de Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair - Altan

Letra de canci�n de Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair de Altan lyrics

Céad slán ag sléibhte maorga
Chondae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd
Ina stua os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich
Go ciún 'sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Is beag nár bhris mo chroí
Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain
'S an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh 'ra le brón 's le crá
Gur fhreasach a shil mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall
I bhfad thar an fharraige mhór
D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall
'S ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair
Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh
https://www.coveralia.com/letras/gleanntain-ghlas-ghaoth-dobhair-altan.php
Ó m' thír bheag dhílis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain
'S le feall, a thiomáin mé i gnéill
B'é rún mo chroí-se pilleadh arís
Nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil
Fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
Slán, slán go fóill a Dhún na nGall
A chondae shéimh gan smál
'S dod gheara breá in am an ghá
Nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi
'S gach páiste beag agus mór
Áta beo go buan, gan bhuairt, gan ghruaim
Fá Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Letra subida por: An�nimo

Vota esta canci�n:
0/10 ( votos)

Discos en los que aparece esta letra:

La letra de canci�n de Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair de Altan es una transcripci�n de la canci�n original realizada por colaboradores/usuarios de Coveralia.
Altan Gleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair lyrics is a transcription from the original song made by Coveralia's contributors/users.

�Has encontrado alg�n error en esta p�gina? Env�anos tu correcci�n de la letra